Bailiúchán ‘Cuntais COVID-19’
Nuair a bheidh na nithe atá srcíofa ar na meáin shóisialta imithe, cad a tharlóidh don mhéid a bhí le rá ag an ngnáthdhuine faoi COVID-19?
Tá an saol ag athrú ó bhonn de dheasca phaindéim COVID-19. Tá sé tábhachtach go mbeadh taifead déanta ar an taithí seo againne do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh. Chuige sin, tá tionscadal tosnaithe ag Tionscadal Bhéaloideas Chorcaí, cartlann bhéaloidis agus staire ó bhéal atá lonnaithe sa phobal agus a bhfuil baint aige le Coláiste na hOllscoile Coraigh. Iarraimid ort a bheith páirteach sa tionscadal seo agus do ghuth-sa a chur lenár gceistneoir ‘Cuntais COVID-19’ ag an nasc:
https://forms.gle/Bda7QLgxLdEViERn8.
An bhfuil aithne agat ar éinne nach bhfuil in ann an leagan ar líne a líonadh isteach? Tá ‘cóip chrua’ le printeáil ar fáil anseo.
Tógfaidh sé thart ar 20 nóiméad ort an ceistneoir a líonadh isteach. Braitheann sin ar an méid sonraí a thabharfaidh tú dúinn. Ba mhór againn taifead a dhéanamh ar thaithí phobal na Gaeilge.
corkfolklore.org/wp-content/uploads/2020/05/CeistneoirCuntaisCOVID19_v_02.docx(opens in a new tab)
Más mian leat grianghrafanna agus/nó cuntais fuaime a roinnt linn, níl le déanamh ach teagmháil a dhéanamh linn ag: covid19chronicles@corkfolklore.org agus déanfaimid na socruithe cuí. Coimeád súil ar ár leathanach Facebook, agus bheimis buíoch díot ach an teachtaireacht seo a scaipeadh go forleathan.
Má tá ceist ar bith agat, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag covid19chronicles@corkfolklore.org
Rinneamar an tionscadal a phlé ar An tSeachtain le Máirín ní Ghadhra, Raodió na Gaeltachta, 26/04/2020: tá’n phíosa idir 52.07-58.45. https://www.rte.ie/radio/radioplayer/html5/#/rnag/11183702